+ Critéir an Chomórtais Náisiúnta: Coistí gan chúnamh fostaíochta +

Gaeilge Béarla


Coistí san iarGhaeltacht

• Ní mór do na coistí cruinnithe rialta a eagrú, maraon le miontuairiscí, agus ní mór plean bliana a bheith leagtha amach ag an gcruinniú cinn bhliana. 
• Ní mór poiblíocht a fháil don choiste agus dá chuid imeachtaí.
• Ní mór don phobal a bheith ar an eolas gur ann don choiste agus go bhfuil sé páirteach i gComórtas Ghlór na nGael. 
• Ní mór plean bliana Gaeilge nó liosta gníomhaíochtaí a bheith ag an gcoiste agus proifíl an cheantair a bheith curtha le chéile
• Ní mór imeachtaí a chur ar siúl chun deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh. 
• Ní mór iarracht a dhéanamh chun íomhá na Gaeilge a chur chun cinn sa cheantar.
• Ní mór nascanna a  chruthú le grúpaí agus le heagraíochtaí eile sa cheantar.
• Seirbhís trí Ghaeilge a phlé leis na húdaráis áitiúla.
• Moltar don choiste a bheith ar an eolas faoin líon teaghlaigh atá ag togáint a gclann trí Ghaeilge agus pleananna a aontú chun chur leis an bhfigiúir seo.

Coistí sa Ghaeltacht

• Ní mór do na coistí cruinnithe rialta a eagrú, maraon le miontuairiscí, agus ní mór plean bliana a bheith leagtha amach ag an gcruinniú cinn bhliana, agus proifíl an cheantair a bheith curtha le chéile.
• Ní mór poiblíocht a fháil don choiste agus dá chuid imeachtaí. 
• Ní mór don pobal bheith ar an eolas gur ann dóibh agus go bhfuil siad páirteach i gComórtas Ghlór na nGael .
• Ní mór nascanna a chruthú le grúpaí agus le heagraíochtaí eile sa cheantar.
• Ní mór comhfhreagras a dhéanamh leis na Ranna Stáit trí mheán na Gaeilge.
• Ní mór seirbhís trí Ghaeilge a éileamh ó na húdaráis áitiúla. 
• Ní mór imeachtaí trí Ghaeilge, cúrsaí foghlamtha Gaeilge a eagrú chun deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh. 
• Ní mór iarracht a dhéanamh chun íomhá na Gaeilge a chur chun cinn sa cheantar. 
• Ní mór don choiste tuiscint a bheith acu ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a chothú sa teaghlach, agus seirbhís tacaíochta a chur ar fáil dóibh.


Glór na nGael, Ráth Cairn, Áth Buí, Co. na Mí, eolas@glornangael.ie, Faics: 046 9487442, Fón: 046 943 0974. © Glór na nGael 2011