+ Comórtas na gCumann Gaelacha sna Coláistí Tríú Leibhéal +

Gaeilge - Béarla


I 2006 tosaíodh gné nua den chomórtas, Comórtas na hInstitiúidí Tríú Leibhéal agus bronntar an duais ar an chumann mac léinn a dhéanann an iarracht is fearr leis an Ghaeilge a chur chun cinn i saol na hinstitiúide.

Duaischiste an chomórtas:

1ú Duais - €2,500

2ú Duais - €2,000

3ú Duais - €1,500

Duais Trasteorainn - €1,000

Duais Athmhuintearas - €1,000

Duais do chumainn le níos lú ná 200 ball €1,000

Iontráil nua is fearr €500

Déanfar moltóireacht ar na cumainn maidir leis:

  • na dóigheanna a ghaelaíonn an cumann timpeallacht na hinstitiúide
  • an comhoibriú idir an chumann agus údarás na hinstitiúide;
    agus
  • na deiseanna labhartha a chruthaítear do mhic léinn agus d'foireann na hinstitiúide.


Tá ceithre bhun-chritéir le líonadh ar aon chumann atá ag éirí a bheith páirteach:
 

  • coiste tofa a bheith ann
  • bunreacht scríofa
  • miontuairiscí bheith thuas go dáta
  • cuntas bainc bheith ann (ina n-íocfar aon duais)

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil le Aodhan Ó Dea (aodhan@glornangael.ie). Fón 0863102691

Glór na nGael, Ráth Cairn, Áth Buí, Co. na Mí, eolas@glornangael.ie, Faics: 046 9487442, Fón: 046 943 0974. © Glór na nGael 2011