+ An Comórtas Náisiúnta +

Gaeilge Béarla


Is comórtas náisiúnta é Glór na nGael, ina bhfuil forbairt agus caomhnú theanga agus chultúr na Gaeilge mar spriocanna lárnacha. Is trí mheán chomórtas pobail a dhéantar é seo. Ta duaischiste €160,000 le buachan. Is í aidhm an chomórtais ná aitheantas a thabhairt don choiste a dhéanann an dul chun cinn is fearr i rith na bliana ar son na teanga agus ar son an chultúir. Reáchtáiltear an Comórtas idir mí Eanáir agus mí na Nollag. Déantar an mholtóireacht le linn mhí na Samhna.

Tá gach coiste ina chuid de ghréasán náisiúnta le breis agus 100 grúpa eile ar féidir leo a bheith ag comhoibriú agus ag cothú nascanna leo. Tugann Glór na nGael treoir agus spriocanna cinnte intomhaiste insroichte do choistí ar fud na tíre, mar bhonn lena gcuid oibre go háitiúil.
Má tá duine ar bith ag iarraidh a bheith páirteach i gComórtas Ghlór na nGael 2011 níl le déanamh ach an fhoirm seoa líonadh isteach agus é a sheoladh ar aghaidh chuig eolas@glornangael.ie.  

Glór na nGael, Ráth Cairn, Áth Buí, Co. na Mí, eolas@glornangael.ie, Faics: 046 9487442, Fón: 046 943 0974. © Glór na nGael 2011