+ Na Comórtais +
+ An Comórtas Náisiúnta +
Gaeilge - Béarla
Is comórtas náisiúnta é Glór na nGael, ina bhfuil forbairt agus caomhnú theanga agus chultúr na Gaeilge mar spriocanna lárnacha. Is trí mheán chomórtas pobail a dhéantar é seo. Ta duaischiste €160,000 le buachan. Is í aidhm an chomórtais ná aitheantas a thabhairt don choiste a dhéanann an dul chun cinn is fearr i rith na bliana ar son na teanga agus ar son an chultúir. Reáchtáiltear an Comórtas idir mí Eanáir agus mí na Nollag. Déantar an mholtóireacht le linn mhí na Samhna.
Tá gach coiste ina chuid de ghréasán náisiúnta le breis agus 100 grúpa eile ar féidir leo a bheith ag comhoibriú agus ag cothú nascanna leo. Tugann Glór na nGael treoir agus spriocanna cinnte intomhaiste insroichte do choistí ar fud na tíre, mar bhonn lena gcuid oibre go háitiúil.
Má tá duine ar bith ag iarraidh a bheith páirteach i gComórtas Ghlór na nGael 2011 níl le déanamh ach an fhoirm seoa líonadh isteach agus é a sheoladh ar aghaidh chuig eolas@glornangael.ie.
+ Comórtas na gCumann Gaelacha sna Coláistí Tríú Leibhéal +
Gaeilge - Béarla
I 2006 tosaíodh gné nua den chomórtas, Comórtas na hInstitiúidí Tríú Leibhéal agus bronntar an duais ar an chumann mac léinn a dhéanann an iarracht is fearr leis an Ghaeilge a chur chun cinn i saol na hinstitiúide.
Duaischiste an chomórtas:
1ú Duais - €2,500
2ú Duais - €2,000
3ú Duais - €1,500
Duais Trasteorainn - €1,000
Duais Athmhuintearas - €1,000
Duais do chumainn le níos lú ná 200 ball €1,000
Iontráil nua is fearr €500
Déanfar moltóireacht ar na cumainn maidir leis:
- na dóigheanna a ghaelaíonn an cumann timpeallacht na hinstitiúide
- an comhoibriú idir an chumann agus údarás na hinstitiúide;
agus - na deiseanna labhartha a chruthaítear do mhic léinn agus d'foireann na hinstitiúide.
Tá ceithre bhun-chritéir le líonadh ar aon chumann atá ag éirí a bheith páirteach:
- coiste tofa a bheith ann
- bunreacht scríofa
- miontuairiscí bheith thuas go dáta
- cuntas bainc bheith ann (ina n-íocfar aon duais)
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil le Aodhan Ó Dea (aodhan@glornangael.ie). Fón 0863102691
+ Duais Cholmcille +
Gaeilge - Gàidhlig
Comórtas do nascanna pobail idir Éirinn agus Alba, Alba agus Éirinn
Á eagrú ag Glór na nGael le tacaíocht Colmcille. www.colmcille.net
Is iad na haidhmeanna atá ag Colmcille:
• Nascanna a chothú idir lucht labhartha na Gaeilge is na Gàidhlig agus idir pobail na Gaeilge is na Gàidhlig in Éirinn is in Albain;
• Eolas ar theangacha a chéile a chothú;
• Na nascanna seo a úsaid le:
o Comhthionól Gaeilge agus Gàidhlig a thógáil idir Éirinn is Albain;
o Cur le feasacht ar an dá Ghaeilge agus ar na nascanna eatarthu, agus cur lena n-iomrá;
o Úsáid agus iomrá an dá Ghaeilge a neartú;
o Beogacht agus inmharthanacht an dá Ghaeilge a neartú.
Spriocanna an Chomórtais:
1. Aitheantas i bhfoirm duaiseanna a bhronnadh ar choistí atá gníomhach i nascanna idir idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig, agus idir pobal Gaeilge agus pobal Gàidhlig.
2. Forbairt agus foghlaim scileanna úra ag coistí agus grúpaí atá rannpháirteach
Critéir riachtanacha
• Caithfidh na hiontrálacha bheith bunaithe ar an nasc idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig
• Caithfidh na hiontrálacha cumarsáid a chothú idir Gaeilgeoirí agus cainteoirí Gàidhlig;
• Go rachadh an nasc chun sochair an dá phobail;
• Caithfidh na coistí nó na grúpaí pobail cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le chéile;
• Caithfidh gné foghlama Gaeilge nó Gàidhlig a bheith mar chuid de chlár imeachtaí na hiontrála;
• Cuirfear fáilte roimh coistí nó grúpaí deonacha,
• Mar chuid de mholtóireacht an chomórtais, beidh gá le tuairisc scríofa ó na rannpháirtithe;
• Go gcaithfear aon duais a bhuafar sa chomórtas seo leis an nasc idir an dá phobal teanga a dhoimhniú.
+ Global Gaeilge +
Gaeilge - Béarla
Bhí sé mar sprioc i bPlean Straitéiseach Ghlór na nGael 2002–2005 coistí atá ag feidhmiú thar lear a mhealladh isteach sa chomórtas. Cuireadh tús le Global Gaeilge, eagraithe ag Glór na nGael, i 2005. Ó shin i leith tá an chomórtas ag dul ó neart go neart le tríocha coiste cláraithe ó trí thíortha déag. Tá Global Gaeilge anois urraithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála .
Úsáidtear critéir shimplí sodhéanta chun teacht ar an mbuaiteoir, mar seo a leanas:
Is é seo a leanas an modh moltóireachta a úsáidtear chun teacht ar an mbuaiteoir:
Cuirtear plean Gaeilge bliana ar fáil ag tús na bliana agus déanann moltóirí ainmnithe ag Glór na nGael an buaiteoir a roghnú bunaithe ar an bplean bliana sin agus ar obair na bliana roimhe sin.
Dar ndóigh faigheann na buaiteoirí poiblíocht fhorleathan trí na meáin chumarsáide in Éirinn, ina gcuid nuachtán áitiúil féin agus trí shuíomh Ghréasáin Ghlór na nGael.
Cén fáth comórtas idirnáisiúnta Gaeilge?
+ Critéir an Chomórtais Náisiúnta: Coistí le cúnamh fostaíochta +
Gaeilge - Béarla
• Ní mór don choiste a bheith in ann a chruthú go bhfuil an coiste sin ag tabhairt faoi gach rannóg den chomórtas agus go bhfuil fillteán Ghlór na nGael curtha le chéile.
• Ní mór don choiste Plean Gaeilge trí bhliana/ nó Plean Stráitéiseach a chur le chéile. Ní mór don choiste taighde a dhéanamh ar staid reatha na Gaeilge sa cheantar.
• Próifíl an Cheantair a bheith ‘suas chun dáta’. Chomh maith leis sin, ní mór monatoireacht agus measúnú a dhéanamh ar obair an choiste ag cruinniú cinn bhliana.
• Ní mór páirtnéireacht a chruthú leis na grúpaí uilig ar spéis leo cur chun cinn na Gaeilge, ag leibhéal na n-údarais agus an phobail.
• Ní mór don choiste seirbhís tacaíochta a chur ar fáil do theaghlaigh a bheadh sásta iompú ón mBéarla go dtí an Ghaeilge agus ní mór go mbeadh grúpa áitiúil de Chomhluadar nó a mhacasamhail ag feidhmiú sa cheantar.
• Ní mór fostaíocht a bheith cruthaithe.
+ Critéir an Chomórtais Náisiúnta: Coistí gan chúnamh fostaíochta +
Gaeilge - Béarla
Coistí san iarGhaeltacht
• Ní mór do na coistí cruinnithe rialta a eagrú, maraon le miontuairiscí, agus ní mór plean bliana a bheith leagtha amach ag an gcruinniú cinn bhliana.
• Ní mór poiblíocht a fháil don choiste agus dá chuid imeachtaí.
• Ní mór don phobal a bheith ar an eolas gur ann don choiste agus go bhfuil sé páirteach i gComórtas Ghlór na nGael.
• Ní mór plean bliana Gaeilge nó liosta gníomhaíochtaí a bheith ag an gcoiste agus proifíl an cheantair a bheith curtha le chéile
• Ní mór imeachtaí a chur ar siúl chun deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh.
• Ní mór iarracht a dhéanamh chun íomhá na Gaeilge a chur chun cinn sa cheantar.
• Ní mór nascanna a chruthú le grúpaí agus le heagraíochtaí eile sa cheantar.
• Seirbhís trí Ghaeilge a phlé leis na húdaráis áitiúla.
• Moltar don choiste a bheith ar an eolas faoin líon teaghlaigh atá ag togáint a gclann trí Ghaeilge agus pleananna a aontú chun chur leis an bhfigiúir seo.
Coistí sa Ghaeltacht
• Ní mór do na coistí cruinnithe rialta a eagrú, maraon le miontuairiscí, agus ní mór plean bliana a bheith leagtha amach ag an gcruinniú cinn bhliana, agus proifíl an cheantair a bheith curtha le chéile.
• Ní mór poiblíocht a fháil don choiste agus dá chuid imeachtaí.
• Ní mór don pobal bheith ar an eolas gur ann dóibh agus go bhfuil siad páirteach i gComórtas Ghlór na nGael .
• Ní mór nascanna a chruthú le grúpaí agus le heagraíochtaí eile sa cheantar.
• Ní mór comhfhreagras a dhéanamh leis na Ranna Stáit trí mheán na Gaeilge.
• Ní mór seirbhís trí Ghaeilge a éileamh ó na húdaráis áitiúla.
• Ní mór imeachtaí trí Ghaeilge, cúrsaí foghlamtha Gaeilge a eagrú chun deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh.
• Ní mór iarracht a dhéanamh chun íomhá na Gaeilge a chur chun cinn sa cheantar.
• Ní mór don choiste tuiscint a bheith acu ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a chothú sa teaghlach, agus seirbhís tacaíochta a chur ar fáil dóibh.