Cuireadh oscailt oigigiúíl an Bhronnta ar cheal sa bhliain 2001 mar gheall ar uafás 9-11 i Nua Eabhrac
Tomás Ó Muirreagáin, Nóra Welby agus Jeaicí Ó Muircheartaigh, ag ceiliúradh 40 bliain de Ghlór an nGael
Bhí tionchar cúrsaí ó thuaidh ó am go ham ar shaol Ghlór na nGael le linn an 50 bliain mar is léir ón scéal seo ó Lá
I 1997 bhí scéal éisiach ag Lá gur dhiultaigh an Roaltas cead don Uachtarán dul go Béal Feirste leis an duais a bhronnadh
Is mór an t-athrú ó shin ach i 1997, ceapadh nach mbeadh sé óiriúnach don Uachtarán casadh ar fheisire Iarthar Bhéal Feirste, Gerry Adams.
Chuir Ian Ó Laoi fáilte roimh Mícheál Ó Muircheartaigh do Cheantar Naithí nuair a bhuaigh an coiste sin an príomhdhuais.
An craoltóir agus fear grinn, Dara Ó Briain a sheol an nuacht go mbeadh an Duais ag dul go Béal Feirtse agus bhí cailíní ón Mheánscoil i láthair leis an trófaí a thabhairt abháile leo.
Clár an lae: thosaigh na himeachtaí ag 2.45 ar an 22 Bealtaine 1982 (agus níor stop an ceiliúradh ó shin!!)
Scríobh an t-údar agus foilsitheoir aitheanta Pádraig Ó Snodaigh alt ar leith ag ceiliúradh na Gaeilge i gCeatharlach mar chuid den bhronnadh.
An tUachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa le hÉibhlín Uí Mhorónaigh, Glór na nGael san Aonach agus Tadhg Ó hÉalaithe (Údarás na Gaeltachta)
An Feisire Eorpach, Bairbre de Brún a bhí páirteach i gceiliúradh 40 blian de Ghlór na nGael i mBéal Feirste i 2001
BHí Peadar Mac an Iomaire ina Chathaoirleach ar Ghlór an nGael nuair a bhronn an tUachtarán Mhic Roibín an Trófaí ar Ian Ó Laoi, Ceantar Naithí
An tEaspag Diarmaid Ó Suilleabháin a bhronn an trófaí i 1992, ar Phádraig Firtéir, coiste Fhionn Trá
Duais an Leinster Leader: Is fada a bhí an Leinster Leader mar urra ar dhuais ar leith sa chomórtas do phoiblíocht faoi Ghlór an nGael sna meáin Bhéarla
Bhuaigh Glór na nGael, Lios Tuathail go leor duaiseanna thar na blianta. Tá ceannrodaí an choiste, Máire Ní Chonchubhair sa ghrianghraf seo.
An Turas Anoir: nuair a bhóg Glór na nGael ó oifigí i mBaile Átha Cliath go dtí Gaeltacht Ráth Chairn i 2007.























































































