Glór na nGael
Glór na nGael, Ráth Chairn.
Baile Átha Buí, Co. na Mí
eolas@glornangael.ie,
Fón: 046 943 0974.
Béarla
Tá Glór na nGael ag eagrú siúlóide ó thús go deireadh na Canála Ríoga le linn mí Iúil seo chugainn.
Siúlóid cúig lá a bheidh ann, Luan 2 Iúil, ó Bhalla Thuaidh, Baile Átha Cliath go Tearmann Bearaigh, Contae Ros Comáin
Beidh spásanna teoranta ar an siúlóid do chúigear déag agus
costas €300 an duine i gceist a chlúdóidh leaba agus bricfeasta.
Socrófar lóistín i Má Nuad, Cionn Átha Gad, Muileann gCearr,
Baile Uí Mhatháin agus
Tearmann Bearaigh.
Duine ar bith ar spéis leo páirt a ghlacadh sa dúshlán seo, is féidir
teagmháil a dhéanamh le:
Marcas Mac Ruairí ag +353 86 171 9755 nó ar r.phost ag
marcas@glornangael.ie.
Gliogáil anseo le foirm iontrála Ghlobal Gaeilge a íoslódáil díreach chuig do ríomhaire
Bhí sé mar sprioc i bPlean Straitéiseach Ghlór na nGael 2002–2005 coistí atá ag feidhmiú thar lear a mhealladh isteach sa chomórtas. Cuireadh tús le Global Gaeilge, eagraithe ag Glór na nGael, i 2005. Ó shin i leith tá an chomórtas ag dul ó neart go neart le tríocha coiste cláraithe ó trí thíortha déag. Tá Global Gaeilge anois urraithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála .
Úsáidtear critéir shimplí sodhéanta chun teacht ar an mbuaiteoir, mar seo a leanas:
Scéimeanna nuálaíocha eile i dtreo labhairt nó scríobh na Gaeilge a mhéadú.
Cothú deiseanna labhartha Gaeilge.
Cúrsaí nó ranganna struchtúrtha Gaeilge.
Plean bliana chun úsáid na Gaeilge a mhéadú i measc bhaill na heagraíochta nó an choiste.
Is gá don choiste a bheith ag feidhmiú ar feadh dhá bhliain ar a laghad.
Is é seo a leanas an modh moltóireachta a úsáidtear chun teacht ar an mbuaiteoir:
Cuirtear plean Gaeilge bliana ar fáil ag tús na bliana agus déanann moltóirí ainmnithe ag Glór na nGael an buaiteoir a roghnú bunaithe ar an bplean bliana sin agus ar obair na bliana roimhe sin.
Dar ndóigh faigheann na buaiteoirí poiblíocht fhorleathan trí na meáin chumarsáide in Éirinn, ina gcuid nuachtán áitiúil féin agus trí shuíomh Ghréasáin Ghlór na nGael.
Cén fáth comórtas idirnáisiúnta Gaeilge?
Spreagfaidh sé daoine agus grúpaí chun tréimhsí saoire cultúrtha a chaitheamh in Éirinn ar bhonn rialta, go háirithe i gceantair Ghaeltachta.
Meallfaidh sé grúpaí Éireannacha atá ag plé leis an gcultúr Gaelach, ar nós an cheoil agus an damhsa, díriú go sainiúil ar labhairt na Gaeilge.
Déanfar an Ghaeilge a cheiliúradh ar stáitse domhanda ar bhealach nua.
Sínfidh sé lámh an mhúintearais i dtreo na nGael thar lear agus dearbhóidh sé tábhacht na nGael sin i bpobal na Gaeilge.
Tabharfaidh sé spreagadh agus moladh do na grúpaí thar lear atá ag tabhairt faoi obair fhorbartha na Gaeilge cheana féin.
Urraithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtacha agus Trádála
1ú Áit €5,000
2ú Áit €3,500
3ú Áit €2,500
You are viewing the text version of this site.
To view the full version please install the Adobe Flash Player and ensure your web browser has JavaScript enabled.
Need help? check the requirements page.