+ Fáilte +

Gaeilge Béarla


Fáilte isteach chuig suíomh Gréasáin nua Ghlór na nGael.  Iarrann muid ar chuairteoirí féachaint ar na míreanna ar bharr atá bainteach le hobair Ghlór na nGael. Cuireann muid fearadh na fáilte roimh thuairimí, nuacht agus chomhfhreagras; is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar eolas@glornangael.ie. Tá súil againn go mbainfidh sibh sult as an suíomh seo.

Bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí timpeall na tíre gach bliain. Déantar seo trí chomórtas poiblí a mbíonn páirtnéireacht ó ghrúpaí áitiúla agus cur chun cinn na Gaeilge mar chroílár ann.

Tugtar aitheantas d'iarrachtaí gach pobail sa chomórtas trí cheiliúradh náisiúnta a eagrú in aghaidh na bliana agus lorgaítear poiblíocht sna meáin dóibh dá réir. Tá critéir an chomórtais agus eolas breise ar fáil ar an suíomh seo do choistí le cúnamh fostaíochta agus do choistí gan cúnamh fostaíochta.

Cláraigh leis an gComórtas Náisiúnta, níl le déanamh ach an fhoirm seo a líonadh isteach.

Cláraigh leis an gComórtas Global Gaeilge, níl le déanamh ach an fhoirm seo a líonadh isteach.

Cláraigh leis an gComórtas Institiúid Tríú Leibhéal, níl le déanamh ach an fhoirm seo a líonadh isteach.

Féach ar ár siopa ar-líne nua, ina bhfuil leabhair, cluichí agus go leor ábhar Gaeilge eile ar fáil ann ar: www.udar.ie.

Glór na nGael, Ráth Cairn, Áth Buí, Co. na Mí, eolas@glornangael.ie, Faics: 046 9487442, Fón: 046 943 0974. © Glór na nGael 2011