+ Fáilte +
Gaeilge - Béarla
Fáilte isteach chuig suíomh Gréasáin nua Ghlór na nGael. Iarrann muid ar chuairteoirí féachaint ar na míreanna ar bharr atá bainteach le hobair Ghlór na nGael. Cuireann muid fearadh na fáilte roimh thuairimí, nuacht agus chomhfhreagras; is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar eolas@glornangael.ie. Tá súil againn go mbainfidh sibh sult as an suíomh seo.
Bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí timpeall na tíre gach bliain. Déantar seo trí chomórtas poiblí a mbíonn páirtnéireacht ó ghrúpaí áitiúla agus cur chun cinn na Gaeilge mar chroílár ann.
Tugtar aitheantas d'iarrachtaí gach pobail sa chomórtas trí cheiliúradh náisiúnta a eagrú in aghaidh na bliana agus lorgaítear poiblíocht sna meáin dóibh dá réir. Tá critéir an chomórtais agus eolas breise ar fáil ar an suíomh seo do choistí le cúnamh fostaíochta agus do choistí gan cúnamh fostaíochta.
Cláraigh leis an gComórtas Náisiúnta, níl le déanamh ach an fhoirm seo a líonadh isteach.
Cláraigh leis an gComórtas Global Gaeilge, níl le déanamh ach an fhoirm seo a líonadh isteach.
+ Stair +
Gaeilge - Béarla
Tharla go leor ceistiúcháin in Éirinn sna seascaidí maidir le polasaithe éagsúla an stáit, polasaithe eacnamaíochta agus polasaithe teanga san áireamh. Ba thréimhse chorraithe í i stair shóisialta na tíre agus ba léir do Chumann na Sagart (a bunaíodh sa bhliain 1916) go raibh gá le gléas misnithe éigin do phobal na tíre. Thángthas ar choincheap comórtais, idir phobail, i gcur chun cinn na Gaeilge agus bunaíodh an comórtas Glór na nGael. Bunaíodh Glór na nGael faoi chomhéarlamhacht Uachtarán na hÉireann, Éamon de Valera, agus an Chairdinéil John Dalton, i gcuimhne ar ghlór na ndaoine a chuala Naomh Pádraig agus iad ag glaoch air chun filleadh ar Éirinn. Reáchtáileadh an chéad chomórtas i mbliain chomórtha fhilleadh Phádraig ar Éirinn, 1961.
Ó shin i leith, tá Glór na nGael méadaithe as cuimse agus tá an stát ag cabhrú trí dheontas a thabhairt, ar dtús trí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ansin trí Bhord (anois Foras) na Gaeilge. Cuireadh struchtúr an Bhoird Stiúrtha ar bun i 1988 agus rinneadh é sin a fhorbairt trí chorprú na heagraíochta sa bhliain 2001 agus úinéireacht roinnte 50/50 idir Cumann na Sagart agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Tá Bord Stiúrtha de chúigear ann anois, le cathaoirleach comhaontaithe.
+ Buaiteoirí ó 1961-62 +
Gaeilge - Béarla
1962 Mainistir na Féile, Co. Luimnigh
1963 Mainistir na Féile, Co. Luimnigh
1964 Baile Átha Luain
1965 Durlas, Co. Thiobraid Árann
1966 Durlas, Co. Thiobraid Árann
1967 Oileán Chléire, Co. Chorcaí
1968 Drom Collachair, Co. Luimnigh
1969 Bré, Co. Chill Mhantáin
1970 Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
1971 Baile Mhúirne/Cúil Aodha, Co. Chorcaí
1972 Caisleán a’ Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
1973 Clochán Bhréanainn, Co. Chiarraí
1974 Eochaill, Co. Chorcaí
1975 Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo
1976 Teampall an Ghleanntáin, Co. Luimnigh
1977 Dúiche Chrónáin, Baile Átha Cliath
1978 An tÁth Leacach, Co. Luimnigh
1979 Baile Munna, Baile Átha Cliath
1980 Trá Lí, Co. Chiarraí
1981 An Daingean, Co. Chiarraí
1982 Ceatharlach
1983 Inis, Co. an Chláir
1984 Baile an Easpaig, Co. Chorcaí
1985 Ráth Chairn, Co. na Mí
1986 Béal Feirste Thiar
1987 Tamhlacht, Baile Átha Cliath
1988 Paróiste an Chnoic, Co. na Gaillimhe
1989 Dúiche Chrónáin, Baile Átha Cliath
1990 Inis, Co. an Chláir
1991 Fionntrá, Co. Chiarraí
1992 Doire
1993 Carna, Co. na Gaillimhe