May 30, 2017

Feabhra, 2017

17Feab - 19Lá ar fadSaoire Teaghlaigh i nGaeltacht na nDéiseDeireadh seachtaine do theaghlaigh le Gaeilge i nGaeltacht na nDéise

Tuilleadh

Eolas faoin Imeacht

Deireadh seachtaine do theaghlaigh le Gaeilge i nGaeltacht na nDéise

Beidh deis iontach do theaghlaigh teacht go dtí Gaeltacht na nDéise chun deireadh seachtaine spraoiúil a chaitheamh ann ón Aoine 17 go dtí an Domhnach 19 Feabhra 2017.

Tá an deireadh seachtaine á eagrú ag Coláiste na Rinne i bpáirt le Glór na nGael chun deis a thabhairt do theaghlaigh saoire a bheith acu i gceantar Gaeltachta. Beidh lóistín, béilí agus imeachtaí ar fad eagraithe don deireadh seachtaine. Mar chuid d’imeachtaí na deireadh seachtaine, beidh amhránaíocht,cluichí do pháistí, turas go dtí an trá, ealaíon agus spórt. Beidh an fhéile cheoil traidisiúnta Tionól Niocláis Tóibín ar siúl sa Rinn ag an am gcéanna agus beidh deis ag na teaghlaigh atá ag freastal ar an deireadh seachtaine páirt a ghlacadh in imeachtaí an Tionóil saor in aisce.

Tá pacáistí éagsúla curtha le chéile don deireadh seachtaine le costas €120 do dhuine fásta agus €80 do pháiste don deireadh seachtaine, praghas a chlúdaíonn gach béile, lóistín agus imeachtaí. Beidh lacáiste curtha ar fáil ó Ghlór na nGael don triú pháiste in aon teaghlach agus gach páiste ina dhiaidh san.

Tá breis eolais le fáil ar shuíomh Choláiste na Rinne www.anrinn.com nó labhairt le 058 46128 nó ó Chabríní de Barra, Glór na nGael 083 445 5914 / cabrini@glornangael.ie

Am

Feabhra 17 (Aoine) - 19 (Domhnach)

Láthair

Coláiste na Rinne

Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Waterford, Ireland

Eagraí

Cabriní de Barra+353-83-4455914

Leave A Reply


X