July 22, 2018

Feabhra, 2018

16Feab - 18Feab 161:00 i.n.Feab 18Deireadh seachtaine trí Ghaeilge do theaghlaigh i nGaeltacht na nDéiseColáiste na Rinne

Tuilleadh

Eolas faoin Imeacht

Beidh deis iontach do theaghlaigh gur foghlaimeoirí Gaeilge iad fanacht i nGaeltacht na nDéise le haghaidh deireadh seachtaine ag foghlaim agus ag cleachtadh a gcuid Gaeilge ón Aoine 16 go dtí an Domhnach 18 Feabhra 2018.

 

Tá an deireadh seachtaine á eagrú ag Coláiste na Rinne i bpáirt le Glór na nGael chun deis a thabhairt do theaghlaigh gur mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge am a chaitheamh lena chéile trí Ghaeilge i gceantar Gaeltachta. Beidh lóistín, béilí, ranganna agus imeachtaí ar fad eagraithe don deireadh seachtaine ar chostas €140 an duine fásta & €80 an páiste. Páistí faoi 3 bliana d’aois saor in aisce.

 

Mar chuid d’imeachtaí na deireadh seachtaine beidh ranganna Gaeilge do na tuismitheoirí agus páistí, amhránaíocht, rince, cluichí agus ealaíon do pháistí agus níos mó.  Is gá áirithint a dhéanamh go luath tríd ríomhphoist a sheoladh go cabrini@glornangael.ie.

 

Beidh breis eolais le fáil ar shuíomh Choláiste na Rinne www.anrinn.com .

Am

16 (Aoine) 1:00 i.n. - 18 (Domhnach) 3:00 i.n.

Láthair

Coláiste na Rinne

Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Waterford, Ireland

Eagraí

Cabriní de Barra+353-83-4455914

Leave A Reply


X