February 18, 2018

Feabhra, 2018

9Feab - 11Feab 912:00 i.n.Feab 11Deireadh seachtaine do theaghlaigh le Gaeilge i nGaeltacht na nDéiseColáiste na Rinne

Tuilleadh

Eolas faoin Imeacht

Deireadh seachtaine do theaghlaigh le Gaeilge i nGaeltacht na nDéise

Beidh deis iontach do theaghlaigh fanacht i nGaeltacht na nDéise le haghaidh deireadh seachtaine spraoiúil ón Aoine 09 go dtí an Domhnach 11 Feabhra 2018.

Tá an deireadh seachtaine á eagrú ag Coláiste na Rinne i bpáirt le Glór na nGael chun deis a thabhairt do theaghlaigh saoire a bheith acu i gceantar Gaeltachta. Beidh lóistín, béilí agus imeachtaí ar fad eagraithe don deireadh seachtaine ar chostas ag tosnú ó €140 an duine fásta & €80 an páiste. P\áistí faoi 3 saor in aisce.

Seo an dara bhliain don deireadh seachtaine íontach seo a bheith ar siúl. Mar chuid d’imeachtaí na deireadh seachtaine, beidh amhránaíocht, cluichí do pháistí, turas go dtí an trá, ealaíon agus spórt.  Beidh an féile cheoil traidisiúnta Tionól Niocláis Tóibín ar siúl sa Rinn ag an am gcéanna agus beidh deis ag na teaghlaigh atá ag freastal ar an deireadh seachtaine páirt a ghlacadh in imeachtaí an Tionóil saor in aisce.  Cuirfear na múrtha fáilte roimh teaghlaigh le Gaeilge ó Ghaeltacht na nDéise agus an ceantar máguaird a bheith páirteach in imeachtaí na deireadh seachtaine chomh maith, cé go mbeidh spásanna teoranta. Is gá áirithint a dhéanamh go luath tríd ríomhphoist a sheoladh go cabrini@glornangael.ie.

Beidh breis eolais le fáil ar shuíomh Choláiste na Rinne www.anrinn.com agus ar shuíomh Ghlór na nGael www.glornangael.ie i Mí Éanáir.

 

Am

9 (Aoine) 12:00 i.n. - 11 (Domhnach) 3:00 i.n.

Láthair

Coláiste na Rinne

Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Waterford, Ireland

Eagraí

Cabriní de Barra+353-83-4455914

Leave A Reply


X