November 22, 2017

Márta, 2017

31MárLá ar fadDeireadh Seachtaine do Theaghlaigh i gCarn TóchairDeireadh Seachtaine Saoire do Theaghlaigh, Carn Tóchair

Tuilleadh

Eolas faoin Imeacht

Tá muid ag tabhairt aghaidhe ar Charn Tóchair arís i mbliana don deireadh seachtaine teaghlaigh i ndiaidh an saoire taitneamhach a bhí againn anuraidh. Is áit speisialta ar fad í An Carn, le scoth na ndaoine ann chomh maith le feirm, sliabh ar chúl, tearmann dúra, siopa, amharclann agus lóistín ar an suíomh. Tá gach eolas thíos maidir leis an chlár.

Lóistín: Tá dhá teach ag An Carn le trí seomra ensuite, cistin & seomra suí iontu.
Bia: Tá cistin sna tithe ach cuirfear bia ar fáil do theaghlaigh ar an Satharn (bricfeasta, lón & dinnéar) & maidin Dé Domhnaigh.

Imeachtaí
Aoine: Nuair a shroicheann na teaghlaigh An Carn beidh deis againn aithne a chur ar a chéile. Déanfaidh muid píotsa le chéile agus amharcfaidh muid ar scannán Gaeilge sa Choire.
Satharn: Caithfidh muid an lá i dTearmann Dúlra Dhroim nDamh. Beidh boghdóireacht, tógáil tearmainn, cluichí foirne agus léar mór eile.
Agus muid ag ligint ár scíth i ndiaidh an lá a chaitheamh amuigh faoin aer déanfaidh muid neadacha seacláide na Cásca le chéile. Beidh dinnéar againn agus rachaidh muid thuas staighre ina dhiaidh le fuinneamh na bpáistí a ídiú ar an chaisleán preabtha agus beidh neart cluichí eile againn chomh maith.
Beidh seisiún ceoil le ceoltóirí ón Charn ar leath i ndiaidh a hocht. Má tá uirlisí ag na bpáistí beidh fíor fáilte rompu buaileadh leo chomh maith.
Domhnach: Beidh bricfeasta againn agus le críoch a chur ar an deireadh seachtaine, déanfaidh muid ciseáin Chásca mar ullmhúchán don toraíocht uibheacha a bheas ann sa tearmann dúlra. Tá seo saor in aisce agus ní gá do theaghlaigh fanacht dó, ach má tá an t-am agaibh beidh go leor spraoi againn! Tá muid ag súil go mbeidh an toraíocht críochnaithe faoi 12pm.

Costais
Lóistín: £100 do sheomra ar feadh an deireadh seachtaine (tá na seomraí measartha mór mar sin is féidir le teaghlach fanacht in aon seomra amháín, ag braith ar aoiseanna & méid)
Bia: £30 an duine do dhaoine fásta & £15 do pháistí. Clúdaíonn sé seo bricfeasta, lón & dinnéar ar an Satharn & bricfeasta maidin Dhómhnaigh
Imeachtaí: £10 an teaghlach do na gníomhaíochtaí ar an Satharn i dTearmann Dúlra Dhroim nDamh.*

Clárú:  Má tá suim agaibh bheith linn don deireadh seachtaine seo, b’fhiú daoibh scairt a chur orainn go luath.
Beidh an lóistín teoranta mar sin beidh muid ag obair ar bhonn tús áite do theaghlaigh is túisce cláraithe.
Déan teaghmháil liom ar sinead@glornangael.ie nó cur glaoch orm ar 0834497443

Am

Márta 31 (Aoine)

Láthair

Coiste Forbartha Charn Tóchair

132A Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, Contae Dhoire BT46 5NH

Eagraí

Sinéad Ní Mhearnógsinead@glornangael.ie nó 00353 834497443

Leave A Reply


X