![]() | |||||||||
|
|
Gaoth Dobhair 22/09/09 Gaeltacht Dhún na nGall aontaithe in éadan an Bord Snip Nua Bhí scaifte mór i láthair ag cruinniú poiblí a reáchtáil Guth na Gaeltachta sa Chrannóg, Gaoth Dobhair, Déardaoin 17 Meán Fómhair. Bhí ionadaithe ann ó choistí pobail sna ceantair seo a leanas: Gleann Cholm Cille, Teileann, Baile na Finne, Rann na Feirste, Gaoth Dobhair, Gort a’ Choirce, Na Dúnaibh agus Fánaid. Tháinig siad le chéile lena míshástacht a léiriú faoi mholtaí an Bord Snip Nua i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge agus le haontú ar chúl fheachtas Ghuth na Gaeltachta. Chuir Máire Mhic Niallais fáilte roimh chuile dhuine thar ceann Ghuth na Gaeltachta agus dúirt sí gur ráiteas láidir a bhí ann go raibh pobal Gaeltachta Dhún na nGall aontaithe in aghaidh na moltaí. Labhair Aodh Mac Laifeartaigh ó Choiste Céim Aniar sna Dúnaibh faoi cé chomh tábhachtach agus atá sé go seasfadh an pobal le chéile agus nach mbeadh chuile dhream ag troid a fheachtais féin. “Tá gá le feachtas pobail neamhpholaitiúil agus traspháirtí le cúr in éadan na moltaí seo a bheas cinniúnach do thodhchaí na Gaeltachta agus na teanga.” Le linn dó cur i láthair a dhéanamh, thug Éamonn Mac Niallais le fios go bhfuil na ciorruithe atá molta don Ghaeltacht cothrom le 58% cé nach bhfuil ach 9.4% molta ag an Bord Snip Nua ar a mheán. “Tá na ciorruithe sin éagórach agus dá gcuirfí na cúraimí Gaeltachta isteach faoin Roinn Oideachais mar atá molta, chiallódh sé nach mbeadh ach níos lú ná 0.5% de chaiteachas na Roinne sin ar chúraimí Gaeltachta. Ní shílim go mbeadh mórán airde ag an Aire Oideachais orainn dá bharr!” D’aontaigh chuile dhuine go raibh sé criticiúil go mbeadh cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta á gcoinneáil mar nach mbeadh ar chumas Fiontraíocht Éireann freastal ar cheantair chomh hiargúlta agus chomh scaipthe leis na ceantair Ghaeltachta. Léiríodh tacaíocht láidir d’fheachtais eile ar nós feachtas COGG agus Feachtas na mBan Tí. Bhí Aodh Mac Ruairí, Leaschathaoirleach Fheachtas na mBan Tí i láthair lena dtacaíocht a léiriú do Ghuth na Gaeltachta. D’aontaigh chuile dhuine gur chóir an feachtas pobail seo a leathnú amach anois go dtí na ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre agus tacaíocht a lorg ó choistí pobail ins na ceantair sin chomh maith le heagraíochtaí Gaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, moladh gur chóir rún tacaíochta a chur os comhair na n-údarás áitiúil uilig ar fud na tíre ag tosú le Comhairle Contae Dhún na nGall. Dúirt an Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh go mbeadh sé sásta rún tacaíochta a chur os comhair an tSeanaid chomh maith i gcomhar leis an Seanadóir Brian Ó Domhnaill agus glacadh leis an moladh sin. Is léir go bhfuil an feachtas ag bailiú nirt agus iarrann an grúpa oibre ar choistí Gaeltachta, eagraíochta Gaeilge agus daoine aonaracha dul isteach ar shuíomh an fheachtais www.guthnag.com agus a dtacaíocht a léiriú tríd an achainí a shíniú. Ní neart go cur le chéile! Críoch Nótaí d’Eagarthóirí Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Reáchtáil siad roinnt cruinnithe poiblí le gairid. Tá an grúpa gníomhaíochta ag cur lena fheachtas leis an phobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe atá molta ag an Bord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Seoladh: f/ch An Chrannóg, Srath na Corcra, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. Guthán: (074) 9532208 Urlabhraí: Éamonn Mac Niallais (087)6387468 Idirlíon: www.guthnag.com Ríomhphost: eolas@guthnag.com
|
![]() ![]() ![]() | |||||||
|
Glór na nGael, Ráth Cairn, Áth Buí, Co. na Mí, eolas@glornangael.ie, Faics: 046 9487442, Fón: 046 943 0974. © Glór na nGael 2007 | |||||||||
![]() | |||||||||