Cur Chuige an Phlean Straitéisigh 2007-2012
D’éirigh go geal le Glór na nGael Plean Straitéiseach 2002-2005 a chur i bhfeidhm agus na spriocanna a bhain leis a chur i gcrích.
Mar a chuir an plean straitéiseach sin dushlán roimh an chomórtas, méadaíodh an duaischiste níos mó ná faoi thrí.
Cuireadh le líon na gcoistí agus tá naisc ag na hoifigigh fhorbartha anois le grúpaí i ngach contae in Éirinn.
Bunaíodh Global Gaeilge agus tá coistí anois ag feidhmiú ar fud an domhain ar gach mór roinn, seachas an Afraic.
Chabhraigh na hoifigigh fhorbartha go mór leis na coistí ag cur dea chleachtas i bhfeidhm ina gcuid gníomhaíochtaí agus iad á spreagadh le tabhairt faoina gcuid oibre i ndóigh straitéiseach phleanáilte. Chuige sin foilsíodh Léargas, bailiúcháin de staidéar ar obair roinnt de na coistí is láidre dá bhfuil ann. Beidh an foilseachán seo ina lámhleabhar tábhachtach do choistí eile san am atá le teacht agus é ag cur síos ar chonas ar sáraíodh fadhbanna difriúla i gceantair dhifriúla.
Tapaíodh gach deis obair na gcoistí agus an chomórtais féin a phoibliú.
Is fiú a mhór a dhéanamh den chúrsa i bpleanáil teanga atá le seoladh in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, go gairid.
Tá an t am ann breathnú ar na blianta atá le teacht, dushláin nua a thabhairt agus an chéad phlean straitéiseach eile a aontú.
Tá go leor athruithe tarlaithe i saol na Gaeilge ó dréachtaíodh an plean deireanach. Tá duaischiste an chomórtais méadaithe as cuimse, foireann nua fostaithe ag Glór na nGael; tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ag feidhmiú; stádas bainte amach san Eoraip; agus feasacht níos mó i measc gníomhairí teanga ar an talamh faoin tábhacht a bhaineann le pleanáil teanga agus le cur chuige straitéiseach.
Tá plean straitéiseach Ghlór na nGael fréamhaithe sna hathruithe seo.
Beidh Glór na nGael ag leanúint leis an tacaíocht a thugann sé do na coistí; á spreagadh agus ag cuidiú leo tosaíochtaí a aontú a luíonn leis an dea chleachtas is fearr ó thaobh pleanála de a chur i bhfeidhm - bíodh sin an óige, an Ghaeilge sa teaghlach, feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla nó na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.
An próiseas:
Pléadh an plean straitéiseach deireanach go mion idir foireann agus coiste stiúrtha Ghlór na nGael. Is é cur chuige an phlean nua seo ná na codanna den phlean deireanach a bheadh go fóill fóirsteanach a chaomhnú. Déantar iad seo a chur i gcomhthéacs na n athruithe atá ag tarlú i saol na Gaeilge.
Aidhmeanna an Phlean Straitéisigh
Tá feidhmiú an Phlean Straitéisigh leagtha amach mar naoi n-aidhm lena mbaineann spriocanna atá intomhaiste, sothuigthe agus inbhainte amach.