- - - - - - - - - - - - - - - -
baileg
- - - - - - - - - - - - - - - -
CARTLANN
- - - - - - - - - - - - - - - -
NA COMÓRTAIS
- - - - - - - - - - - - - - - -
FOIREANN
>TEAGMHÁIL
- - - - - - - - - - - - - - - -
EOLAIRE / NASCANNA
- - - - - - - - - - - - - - - -
BAILE
- - - - - - - - - - - - - - - -
STAIR
- - - - - - - - - - - - - - - -
BUAITEOIRÍ 2009
- - - - - - - - - - - - - - - -
NA DUAISEANNA
- - - - - - - - - - - - - - - -
FOILSEACHÁIN & PÓSTAEIR

 Foireann Ghlór na nGael

Tá struchtúr Ghlór na nGael leagtha amach mar atá cuid mhór de na heagrais náisiúnta sa tír seo. Ar choiste stiúrtha Ghlór na nGael tá: beirt ainmnithe ag Cumann na Sagart, beirt ainmnithe ag Comdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Cathaoirleach neamhspleách ó Ghlór na nGael.

Faoi stiúir an choiste, tá seachtar ag obair le Glór na nGael. Is iad an seachtar atá fostaithe ag Glór na nGael ná Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán MacGabhann, Bainisteoir Náisiúnta Ghlór na nGael, Nóra Welby, riarthóir oifige, Úna Ní Chonaire agus Ceathrar Oifigeach Forbartha, Eoghan Mac Cormaic, Daragh Ó Tuama, Marcas Mac Ruairí agus Áine Seoighe.

Seo a leanas na curaimí éagsúla a bhíonn ag Oifigí Forbartha Ghlór na nGael. 

  • Margaíocht agus cumarsáid.
  • Timireacht náisiúnta.
  • Forbairt pholasaithe éagsúla a bhaineann le forbairt na Gaeilge.
  • Cúrsaí oiliúna agus pacáistí traenála a fhorbairt do choistí Ghlór na nGael.
  • Pleananna gníomhaíochta samplacha a réiteach do choistí Ghlór na nGael.
  • Urraíocht bhreise a bhaint amach don chomórtas.

 

 

 

  
 

 


 


 
Glór na nGael, Ráth Cairn, Áth Buí, Co. na Mí, eolas@glornangael.ie, Faics: 046 9487442, Fón: 046 943 0974. © Glór na nGael 2007