Tharla go leor ceistiúcháin in Éirinn sna seascaidí maidir le polasaithe éagsúla an stáit, polasaithe eacnamaíochta agus polasaithe teanga san áireamh. Ba thréimhse chorraithe í i stair shóisialta na tíre agus ba léir do Chumann na Sagart (a bunaíodh sa bhliain 1916) go raibh gá le gléas misnithe éigin do phobal na tíre. Thángthas ar choincheap comórtais, idir phobail, i gcur chun cinn na Gaeilge agus bunaíodh an comórtas Glór na nGael. Bunaíodh Glór na nGael faoi chomhéarlamhacht Uachtarán na hÉireann, Éamon de Valera, agus an Chairdinéil John Dalton, i gcuimhne ar ghlór na ndaoine a chuala Naomh Pádraig agus iad ag glaoch air chun filleadh ar Éirinn. Reáchtáileadh an chéad chomórtas i mbliain chomórtha fhilleadh Phádraig ar Éirinn, 1961.
Ó shin i leith, tá Glór na nGael méadaithe as cuimse agus tá an stát ag cabhrú trí dheontas a thabhairt, ar dtús trí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ansin trí Bhord (anois Foras) na Gaeilge. Cuireadh struchtúr an Bhoird Stiúrtha ar bun i 1988 agus rinneadh é sin a fhorbairt trí chorprú na heagraíochta sa bhliain 2001 agus úinéireacht roinnte 50/50 idir Cumann na Sagart agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Tá Bord Stiúrtha de chúigear ann anois, le cathaoirleach comhaontaithe.
Is é ioncam na comhlachta ná €617,000. Ag am seolta an phlean straitéisigh dheireanaigh, 2002, bhí duaischiste de €46,000.00 ann. Ó shin i leith, méadaíodh an ciste go €150,000. Tríd an duaischiste seo, tugtar aitheantas don obair mhaith a dhéantar chun an Ghaeilge a chur chin cinn ar fud an oileáin seo.
Tá foireann seachtair ag Glór na nGael faoi láthair, foireann a thugann tacaíocht, comhairle agus cabhair do na coistí fud fad na hÉireann. Is comórtas neamhpholaitiúil, neamhsheicteach, cuimsitheach é a chothaíonn íomhá dhearfach i leith na Gaeilge.
An ghníomhaíocht áitiúil trí Ghaeilge is mó aithne i measc an phobail (in Éirinn uile), tugann sé eagraíochtaí agus daoine le chéile i gcoistí áitiúla, gan a bhféiniúlacht ná a gcuid gníomhaíochtaí féin a chur i mbaol. Chruthaigh Glór na nGael comhpháirtíochtaí áitiúla ar leas an phobail i bhfad sula raibh a leithéid coitianta ó thaobh na polaitíochta ná na heacnamaíochta de.
Is í fís Ghlór na nGael ná leathnú agus buanú a dhéanamh ar chumas daoine an Ghaeilge a úsáid i ngach réimse de shaol an phobail. Is ionann próiseas measúnaithe Ghlór na nGael agus creatlach pleanála. Is é an t-aon chóras pleanála i leith teanga é a fheidhmíonn in Éirinn.