D'fhógair Glór na nGael gearrliosta scoileanna don Chomórtas G! inniu, 12 scoil iarbhunoideachas ina bhfuil Club Gaeilge bríomhar ag feidhmiú.
Ag gabhail buíochas le Foinse, an nuachtán Gaeilge a thug urraíocht don chomórtas, dúirt Aodhán Ó Deá, Comhordnóir na Mac Léinn le Glór an nGael, go raibh bród agus áthas ar Ghlór na nGael as ucht díogras agus cumas na n-iontrálacha a tháinig isteach i mbliana, an chéad bhliain den chomórtas.
Mhínigh Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, go bhfuair siad iontrálacha ó gach chearn den tír, idr Ghaelcholáistí agus Meánscoiileanna Béarla araon. "Sé an rud is tábhachtaí ná go bhfuil club Gaeilge bríomhar bunaithe sa scoil agus go bhfuil pleanáil ar bun chun úsáid na Gaeilge agus feasacht na Gaeilge ar chlár oibre an chlub".
Beidh an 12 chlub, ón cheithre chúige, ag dul faoi mholtóireach anois agus fógrófar na buaiteoirí Cúige agus Náisiúnta roimh deireadh Mí Márta. Rachaidh baill an Chlub sna ceithre chúige chuig ionad eachtraíochta don lá, agus bronnfar seic €5,000 ar an mbuaiteoir náisiúnta ag ócáid bhronnta i Maigh Nuadh ar an 16 Aibreán.
Cé atá ar Ghearrliosta na Bliana?