D'fhógair Glór na nGael inniu go bhfuil post nua cruthaithe le ceapachán Donach Ó Lonargáin mar Oifigeach Forbartha le cúram ar an tionscnamh comhoibriú idir Glór na nGael agus COGG.
"Cuirimid fáilte roimh Donach mar bhall foirne Ghlór na nGael' arsa Ceannasaí Ghlór, Lorcán Mac Gabhann. 'Is post nua é seo ina bhfuil Glór na nGael agus ár siopa ar líne, udar.ie, ag cur seirbhísí ó COGG ar fáil do scoileanna ar fud na tíre lé tríd an veáin aitheanta a raibh COGG féin ag úsáid le cúpla bliain anuas'.
Beidh an veáin ag leanúint plean oibre bliana, le cuairteanna ar ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta i ngach cearn den tír chomh maith le freastal ar chomhdhálacha agus cruinnithe cinn bliana eagrais agus grúpaí oideachais.
'Is cúis áthais dúinn go bhfuilimid in ann post a chruthú ag an am seo nuair atá poist faoi bhagairt' arsa Mac Gabhann. 'Bliain ó shin chruthaigh Glór na nGael post trí chomhfhiontar le Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac léinn in Éirinn agus is ar an múnla céanna, comhfhiontar, atá an post seo cruthaithe'.
Beidh fáilte roimh chuireadh ó scoileanna, agus déanfar gach iarracht cuairteanna a eagrú le stoc COGG a léiriú le scoileanna sa taispeántas cuimsitheach a bhogann timpeall na tíre sa veáin.