Buann Cumann Gaelach COBÁC duais Tríú Leibhéal

Preas ráiteas


Cumann Gaelach UCD ar an chumann is fearr

Is é an Cumann Gaelach i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath buaiteoir an chomórtais do na cumainn ghaelacha sna coláistí tríú leibhéal, a d’eagraigh Glór na nGael.

Eagraíódh an comórtas le haitheantas a thabhairt don chumann a rinne an t-éacht is móle timpeallacht an choláiste a ghaelú.

D’fhógair an Dr Máire Ní hAnnracháin, Cathaoirleach Coiste Stiúrtha Ghlór na nGael, an scéal agus í ag caint ag dinnéar speisialta de chuid an Chumainn sa Radisson SAS Hotel, Domhnach Broc.

Ag gabháil comhghairdeas leis an chumann, dúirt Marcas Mac Ruairí, Oifigeach Forbartha le Glór na nGael: “Tá ard moladh ag dul don Chumann Gaelach in UCD a bhfaighaidh duais de €2,000.

“Ag ceiliúradh céad bliain den chumann sa Radisson SAS aréir, bhí bliain rathúil acu nuair a mhéadaigh ballraíocht an chumainn ó 200 anuraidh go dtí breis is 900 i mbliana.

“I measc na rudaí a chuaigh i bhfeidhm ar na moltóirí bhí an obair a dhéanann an coiste le himeachtaí sóisialta a sholáthar agus is cinnte gur ábhar mór spreagtha na himeachtaí seo don bhallraíocht.

“Chomh maith leis sin, tá an obair déanta acu le seirbhísí Gaeilge a spreagadh san ollscoil, togra den tidéal ‘No Béarla’ ina measc, inár bhain siad úsáid as cur chuige clár de chuid TG4 a bhain cáil áirithe amach.

“B’ iad na buaiteoirí eile ná an Cumann Gaelach Coláiste Froebel sa dara áit le €1,500 agus Cuallacht Cholm Cille, Maigh Nuad, agus an Cumann Gaelach Ollscoil Uladh, Cúil Raithin le chéile sa Triú áit, le €500 an cumann.

“Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh le comhghairdeas a ghabháil leis na buaiteoirí uile. Le daoine óga mar seo is féidir linn bheith cinnte go mbeidh an Ghaeilge slan go ceann i bhfad,” arsa an t-uasal Mac Ruairí.

Bronnfar na duaiseanna ag ócáid speisialta in Inis, Contae an Chlár, ar 29 Márta 2008.

Ráth, Baile  Cairn, Baile Átha Bhuí, Contae na Mí

Teil: 046 943 0974 R: fiosru@glornangael.ie

Glór na nGael, Ráth Cairn, Áth Buí, Co. na Mí, eolas@glornangael.ie, Faics: 046 9487442, Fón: 046 943 0974. © Glór na nGael 2011