Preas ráiteas
Seolann Glór na nGael comórtas cártaí
Tá Glór na nGael le comórtas cártaí Nollag a eagrú do Ghaeilgeoirí a chónaíonn thar lear.
Le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, thosaigh Glór na nGael comórtas bliantúil i 2005, Global Gaeilge, le haitheantas a thabhairt don obair a dhéantar thar lear leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
Tugann sé spreagadh agus moladh do na grúpaí thar lear atá ag tabhairt faoi obair fhorbartha na Gaeilge cheana féin agus síneann sé lámh an mhúintearais i dtreo na nGael thar lear agus dearbhóidh sé tábhacht na nGael sin i bpobal na Gaeilge.
Is mar fhorbairt ar an chomórtas sin atá an comórtas cártaí Nollag a eagrú do 2009.
Critéir:
Caithfidh na beannachtaí ar na cártaí bheith trí mheán na Gaeilge
Caithfidh na hiontrálaithe bheith ina gcónaí taobh amuigh d’Éirinn
Caithfidh na cártaí bheith ag Glór na nGael roimh 30 Meitheamh 2009. Níl ghlacfar le hiontrálacha tar éis don dáta sin.
Iarrtar ar dhaoine ar suim leo aiste a chur isteach sa chomórtas, iontráil s’acu a sheoladh chuig Glór na nGael, Ráth Cairn Contae na Mí, Éire, nó é a chur ar r.phost chuig HYPERLINK "mailto:marcas@glornangael.ie" marcas@glornangael.ie.
Beidh duais de €500.00 ag dul don cárta Nollag is fearr. Bronnfar an duais ar an chumann deonach de rogha an bhuaiteora a fheidhmíonn thar sáile leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
Is féidir tuilleadh eolais ar fáil ó Ghlór na nGael ag 046 943 0974 nó le r.phost HYPERLINK "mailto:fiosru@glórnangael.ie" fiosru@glórnangael.ie.
Ráth Cairn, Áth Buí, Co na Mí.
Teil: 046 943 0974 R: fiosru@glornangael.ie