Preas ráiteas
Traenáil teicneolaíochta de chuid Ghlór na nGael
Tá lá oiliúna á eagrú ag Glór na nGael le go mbeidh coistí Gaeilge in inmhe an tairbhe is mó a bhaint as teicneolaíocht an eolais lena gcuid spriocanna a bhaint amach.
Beidh an lá oiliúna, Úsáid na Teicneolaíochta i bhForbairt na Gaeilge, ar siúl in oifigí Údarás na Gaeltachta sna Forbacha, Contae na Gaillimhe, ar 25 Meán Fómhair 2009.
I measc na téamaí beidh cínlín agus an blágáisféar, stráitéis um suíomh idirlín don aos óg, nua-theicneolaíochta romhainn, podchraoladh agus fiontraíocht digiteach agus Nuacht 24, nuachtán agus irisí ar-líne.
Ag caint ar an imeacht, dúirt Eoghan Mac Cormaic, Oifigeach Forbartha le Glór na nGael: “Is deis iontach é seo do choistí bualadh leis na cainteoirí is eolaí in earnáil na Gaeilge maidir le forbairtí sa nua-teicneolaíocht.
“Gheobhaidh na rannpháirtithe cleachtadh praiticiúil ar úsáid bogearraí is nua ríomhaire. Cluinfidh siad faoi na deiseanna a thugann an teicneolaíocht dúinn cur lenár gcuid oibre.”
Lean sé leis: “Táimid iontach buíoch as an tacaíocht atáimid ag fáil ó Údarás na Gaeltacht leis an lá seo a eagrú. Is léiriú maith é ar an chineál comhoibriú a bhíonn ar siúl idir na grúpaí a oibríonn san earnáil.
“Má tá ag ionadaithe ó choistí Ghlór na nGael ag iarraidh freastal ar an lá traenála bheimis buíoch dá dtiocfadh leo sin a chinntiú linn a luaithe agus is féidir.”
Is féidir tuilleadh eolais faoi Glór na nGael a fháil ag +353 46 943 0974 nó le r.phost HYPERLINK "mailto:fiosru@glórnangael.ie" fiosru@glornangael.ie.
_____________________________________________________________________
CRÍOCH
Is féidir tuilleadh eolais faoi Glór na nGael a fháil ó Eoghan Mac Cormaic ag +353 85 718 7678 nó le r.phost HYPERLINK "mailto:fiosru@glórnangael.ie" eoghan@glornangael.ie.
Ráth Cairn, Baile Átha Bhuí, Contae na Mí
Teil: 046 943 0974 R: fiosru@glornangael.ie