Fógraíonn Glór na nGael Gearrliosta 2011 / Béarla


Tá gearrliosta na mbuaiteoirí do chomórtas 2011 fógartha ag Glór na nGael ag searmanas i gceannáras Ghlór i Ráth Chairn inniu.


‘Tá idir sean agus nua ar an liosta i mbliana’ arsa Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, ‘ach is léir go bhfuil gné amháin i gcoitianta idir na coistí seo ar fad, ‘s sin an fhorbairt ina gcuid ghníomhaíochtaí le blian anuas. Tá áthas orainn go bhfuilimid in ann sin a rá, fiú ag am nuair atá giorrúcháin agus gearradh buiséid i ngach réimse sa tír’.


D’fhógair Nóra Welby, Bainisteoir Ghlór na nGael gearrliosta na mbuaiteoirí, na cúig choiste a rachaidh faoi mholtóireacht neamhspleách don Duais Náisiúnta (coistí le cúnamh fostaíochta) agus d’fhógair an tUas. Mac Gabhann na sé choiste a bheas san iomaíocht os comhair moltóirí neamhspleácha don Duais Náisúnta (coistí gan cúnamh fostaíochta).


‘Níl aon ord i gceist leis an liosta seo’ arsa Nóra Welby, ‘siad na coistí i Rannóg A ná: Comharchumann Uíbh Ráthaigh, i gCiarraí Theas; Comharchumann na Cheathrún Rua, Co. na Gaillimhe; Glór Locha Riach, Co. na Gaillimhe; Coiste Forbartha Carn Tóchair, Co Doire ( a bhuaigh an Duais Náisiúnta anuraidh) agus Gaelphobal an tSratha Báin, Tír Eoghain. Beidh ionadaithe na gcoistí seo ag casadh leis na moltóirí neamhspleácha an tseachtain seo chugainn le linn Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne’.


Agus é ag nochtadh gearrliosta na gcoistí gan cúnamh fostaíochta, dúirt Lorcán Mac Gabhann go mbeadh buaiteoir na céad áite le roghnú ag moltóirí neamhspleácha as dhá liosta, Gaeltacht agus iarGhaeltacht. ‘Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas an Bhronnta Náisiúnta i Mí Feabhra ach go dtí sin beidh ar Choiste Pobal an Tulaigh, agus  Craobh Maigh Chuilinn, Co. na Gaillimhe; Glór na nGael Gort a Choirce, Dún na nGall;  Na Macallaí i Loch Garman; Glór Breifne i gCábhán agus Cumann Gaelach Leath Chathail, Dún Pádraig fanacht go foighneach go dtí go mbeidh toradh ar an mholtóireacht ag Oireachtas na Gaeilge’.


‘Guímis gach rath ar na coistí seo agus cuirimid i gcuimhne do na coistí eile atá páirteach sa chomórtas, idir coistí pobail, coistí in Éirinn agus thar lear, coistí sna cumainn ghaelacha sna coláistí agus coistí agus clubanna sna scoileanna atá páirteach sa Chomórtas G!, go bhfuil na duaiseanna speisialta fós á bplé againn agus b’fhiú do choistí a dtuairiscí a chur isteach chugainn gan mhoill. Tá gach eolas faoin na duaiseanna sin ar fáil ar www.glornangael.ie’.


tuilleadh eolas

Nóra Welby

00353 46 9487573

00353 87 2518175

Glór na nGael, Ráth Cairn, Áth Buí, Co. na Mí, eolas@glornangael.ie, Faics: 046 9487442, Fón: 046 943 0974. © Glór na nGael 2011