Preas Ráiteas
Fáiltiú Ghlór na nGael
Tá Ambasáid Cheanada in Éirinn le fáiltiú speisialta a eagrú in onóir Chumann na Gaeltachta, Ceanada, atá ar tí duais Ghlór na nGael a fháil.
Tarlóidh an t-imeacht ag 6.00in 27 Márta 2009 in Óstán Gaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall, le haitheantas a thabhairt do buaiteoirí uile Global Gaeilge.
Beidh Richard Philippe, Comhairleoir Tráchtála leis an Ambasáid, ag an imeacht i gcomhar le hionadaithe ó Chumann na Gaeltachta agus ó Ghlór na nGael.
Ag déanamh comhghairdeas leis an Chumann, dúirt bainisteoir Ghlór na nGael, Nóra Welby: “Tá ard mholadh tuillte ag Cumann na Gaeltachta agus an dul chun cinn suntasach atá déanta aige.
“Bunaithe roinnt blianta beaga ó shin, chruthaigh sé Gaeltacht i gCeanada inar féidir leo sin a bhfuil suim acu dul agus an Ghaeilge a fhoghlaim.
“Tá an áthas ar Ghlór na nGael aitheantas a thabhairt dó leis an duais seo.”
Is é an Manchester Irish Language Group a bhuaigh an dara háit sa chomórtas. Tháinig Cumann Gaeilge na hAstráile, lonnaithe i Melbourne, sa tríú háit.
Bronntar duaiseanna Ghlór na nGael le ciste de €150,000 go bliantúil ar choistí deonacha a dhéanann an t-éacht is mó leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
Bunaíodh Global Gaeilge, an gné idirnáisiúnta den chomórtas, in 2005 le haitheantas a thabhairt do ghrúpaí Gaeilge thar sáile.
Bronnfar na duaiseanna ag ócáid speisialta in Óstán Ghaoth Dobhair ar 28 Márta 2009, an lá tar éis an fháiltithe le hAmbasáid Cheanada. Beidh cathaoirligh Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Mhaoilmhíchil agus Liam Ó Cuinneagáin, beirt i láthair leis an bhronnadh a dhéanamh le chéile.
Bronnfar céad áit, €50,000 agus trófaí, ar Chomhchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, duais de €50,000 agus trófaí, aitheantas náisiúnta ar a bhfuil bainte amach ag an Chomharchumann le linn 2008.
_____________________________________________________________________
Deireadh leis an phreas ráiteas
Tá tuilleadh eolais faoi dhuaiseanna Ghlór na nGael ar fáil ó Nóra Welby ag HYPERLINK "mailto:nora@glornangael.ie" nora@glornangael.ie, fón: +353 (0) 87 251 817
Ráth Cairn, Baile Átha Bhuí, Contae na Mí
Teil: 046 943 0974 R: fiosru@glornangael.ie