
Tá Gaelscéal, an nuachtán seachtainiúil Ghaeilge ina urra ar an duais is déanaí i gcomórtas bliaintúil, Ghlór an nGael. D'fhógair an nuachtán, agus Glór na nGael an tseachtain seo go bhfuil pacáiste urraíochta le cur ar fáil ag Gaelscéal i gcomhair Duais Speisialta sa chomórtas 2011, a bhfuil móltóireachta dó ag tosú an tseachtain seo.
'Tá Glór na nGael anbhuíoch do Ghaelscéal as ucht na tacaíochta seo' arsa Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael. 'Bronnfar an duais ar an choiste a léiríonn na torthaí is fearr as an iriseoireacht Ghaeilge a chur chun cinn sna meáin Béarla, go háirithe sna meáin áitiúla Béarla'.
Tá luach níos ó ná €3,000 sa duais seo a bhristear síos mar a leanas: Pacáiste fógraíochta ar luach €1000; Síntiúis bliana don coiste le Gaelscéal ar luach€121; Deis poiblíocht ar suíomh idirlín Gaelscéal ar luach € 250 agus tacaíocht le ceardlann a reáchtáil i gceantar an bhuaiteora ar luach €2000.
'Le duais chomh chuimsitheach leis seo, beidh go leor deiseanna ag an gcoiste ráthúil tairbhe a bhaint amach go háitiúil ní amháin le poiblíocht a chinntiú dá chuid oibre, ach lei sna urraíocht fhlaithiúil don chomhdháil mar atá geallta ag Gaelscéal' arsa Mac Gabhann. 'Is cinnte go mbeidh spéis ag go leor coistí sa duais seo'.