Ceapachán Ghlór na nGael

Ceapachán Ghlór na nGael

Tá Glór na nGael tar éis a fhógairt go bhfuil oifigeach forbartha nua ceaptha.

Bhí Áine Seoighe fostaithe ag Foras na Gaeilge go dtí seo ach chuaigh sí i mbun oibre le Glór na nGael inniu (16 Feabhra 2009).

Ag cur fáilte roimpi, dúirt ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann: “Tá an taithí ag Áine le hearnáil na Gaeilge agus is cinnte go mbeidh sé ar leas Glór na nGael duine dá thaithí bheith ar an fhoireann.

“Tá mé thar a bheith sásta fáilte a chur roimpi agus tá mé ag dréim go mór le beith ag obair léi amach anseo.

“Beidh Áine ag plé le coistí Leibhéal 1 agus le Comórtas na gCumann Gaelach sna Coláistí Tríú Leibhéal,” ar sé.

Is as Conamara ó dhúchas d’Áine Seoighe agus chaith sí 24 bliain ag obair le Foras na Gaeilge agus Bord na Gaeilge roimhe sa Rannóg Phobail agus Ghnó.

Is comórtas náisiúnta é Glór na nGael a thugann aitheantas do choistí deonacha a chuireann an Ghaeilge chun cinn.

Is féidir tuilleadh eolais ar fáil ó Ghlór na nGael ag 046 943 0974 nó le r.phost  HYPERLINK "mailto:fiosru@glórnangael.ie" fiosru@glórnangael.ie.

Ráth Cairn, Áth Buí, Co na Mí.

Teil: 046 943 0974 R: fiosru@glornangael.ie

Glór na nGael, Ráth Cairn, Áth Buí, Co. na Mí, eolas@glornangael.ie, Faics: 046 9487442, Fón: 046 943 0974. © Glór na nGael 2011