Preas ráiteas
Aitheantas náisiúnta do Mh HYPERLINK "http://www.focal.ie/Search.aspx?term=moinsíneoir&lang=2" \t "_top" oinsíneoir Ó Fiannachta
Tá aitheantas náisiúnta le tabhairt do Mhoinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta ag Glór na nGael mar gheall ar saothar a shaoil leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
Bronnann Glór na nGael an Gradam Speisialta go bliantúil ar phearsa a cheaptar go bhfuil éacht ar leith déanta acu ar son Gaeilge.
Bhí baint ag an Mhoinsíneoir Ó Fiannachta le cúrsaí na Gaeilge ón uair a bhí sé i Maigh Nuad go luath sna 1960í, tráth a raibh baint aige le bunú Glór na nGael féin.
Ball de Chumann na Sagart, scoláire, file agus sagart a bhfuil clú air, is é a d’aistrigh agus a chuir eagar ar an leagan Gaeilge de Bhíobla Naofa a foilsíodh i 1982. Tá sé lonnaithe sa Daingean anois.
Bronnfaidh Cathaoirleach Ghlór na nGael, an Dr Íde Ní Uallacháin, an Gradam Speisialta ar an Mhoinsíneoir Ó Fiannachta sa Daingean Dé Domhnaigh 21 Meitheamh 2009.
Eagrófar an imeacht mar chuid de shraith imeachtaí eile ag deireadh na Seachtaine, Féile Nanó Nagle, tar éis do Mhoinsíneoir Ó Fiannachta Seomra Nanó de Nógla a bheannú ag 12.45in.
Is féidir tuilleadh eolais faoi Glór na nGael a fháil ag +353 46 943 0974 nó le r.phost HYPERLINK "mailto:fiosru@glórnangael.ie" fiosru@glornangael.ie.
_____________________________________________________________________
CRÍOCH
Is féidir tuilleadh eolais faoi Glór na nGael a fháil ó Mharcas Mac Ruairí ag +353 86 171 9755 nó le r.phost HYPERLINK "mailto:fiosru@glórnangael.ie" marcas@glornangael.ie.
Ráth Cairn, Baile Átha Bhuí, Contae na Mí
Teil: 046 943 0974 R: fiosru@glornangael.ie