Comórtas ealaín do na Gaeil thar lear
Tar éis do rath comórtas na gcártaí Nollag 2010, tá Glór na nGael i mbun comórtas ealaíne nua a eagrú. Is mar chuid de chomórtas Global Gaeilge atá an comórtas á eagrú.
Tá dhá chuid sa chomórtas seo – ceann do dhaoine óga faoi 16 bliana d’aois agus ceann do dhaoine fásta.
- Beidh sé dhuais de €500 ag dul do na cártaí is fearr, trí cheann in aghaidh na rannóige.
Is iad na critéir don dá chomórtas:
- Caithfidh teachtaireachtaí ar na cártaí bheith trí mheán na Gaeilge;
- Caithfidh na hiontrálaithe bheith ina gcónaí taobh amuigh d’Éirinn;
- Caithfidh na cártaí bheith ag Glór na nGael roimh 31 Deireadh Fómhair 2011. Ní mheasfar iontrálacha a thagann tar éis don dáta seo;
- Ní chóir go mbeadh iontrálacha níos mó ná leathanach A4;
- Ní ghlacfar le hiontrálacha ach leis na hábhair seo a leanas: péint, pinn luaidhe, criáin, pastail/cailc nó dúch ar pháipéar nó ar chárta;
- Ba chóir mionsonraí teagmhála an iontrálaí bheith leis an iontráil;
- Ní fhillfear na hiontrálacha chuig na hiontrálaithe.
Iarrtar ar Gaeilgeoirí thar lear a bhfuil suim acu sa chomórtas a n-iontrálacha a chur chuig:
Glór na nGael
Ráth Cairn
Baile Átha Buí
Contae na Mí
Éire
Is féidir scanachán den saothar a chur chuig Glór na nGael ar r.phost ag fiosrú@glornangael.ie. Tá muid ag dréim mór le cluinstin uaibh.
Tá an comórtas ealaíne á eagrú le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Is féidir tuilleadh eolais faoin chomórtas ar fáil ó Ghlór na nGael ag +353 46 943 0974 nó le r.phost fiosru@glornangael.ie.
CRÍOCH