Fógra Poist

 

GLÓR na nGAEL TEO.

 

Oifigeach Forbartha siopa-ar-líne

www.udar.ie

 

Urraithe Faoi Scéim JobBridge

 

Fáilteofar roimh iarratais ar phost mar Oifigeach Forbartha Siopa-ar-Líne www.udar.ie, le dul i gcúram ar fhorbairt an tsuímh agus ar fhorbairt dhíolachán na n-earraí ar an suíomh. 

 

Conradh 9 mí, ar feadh 30 uair an chloig gach seachtain, a bheidh i gceist.

 

Freagrachtaí:

·      www.udar.ie a choinneáil suas chun dáta.

·      A bheith ag plé le daoine a lorgaíonn eolas faoi earraí www.udar.ie.

·      A bheith ag plé le horduithe do leabhair agus d’áiseanna eile.

·      Obair margaíochta a dhéanamh do shiopa-ar-líne Ghlór na nGael, www.udar.ie.

·      Obair margaíochta a dhéanamh le haghaidh udar.ie a chur chun cinn ar na meáin shóisialta, amhail facebook, twitter &rl

·      Freastal a dhéanamh ar chomhdhálacha, ar sheimineáir nó ar ócaidí móra eile de réir mar is cuí.

·      Tacaíocht a thabhairt d'fhoireann Oifig Ghlór na nGael, de réir mar is cuí.

·      Margaí nua,  mar shampla comhdhálacha agus ócáidí poiblí eile, a aimsiú chun stoc Ghlór na nGael a dhíol.


Inniúlachtaí riachtanacha:

·      A bheith cáilithe do phost faoi scéim Jobsbridge

·      Caighdeán maith Gaeilge

·      Scileanna maithe idirphearsanta

·      Eolas ar na meáin shóisialta          

·      Ceadúnas glan tiomána

 

Tuilleadh eolais ar fáil ó Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí, Glór na nGael ag 087-9790193.

 

Seoltar litir iarratais agus CV roimh 31 Bealtaine 2012 ar ríomhphost amháin chuig  lorcan@glornangael.ie.

 

Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh an spriocdháta sin.

                                    

________________________________________________________________________________



www.udar.ie
tá fadhb teicniúil
atá lasmuigh
de smacht udar.ie féin
mar gheall ar an fhreastalaí


Beidh udar.ie ag feidhmiú arís
chomh luath agus atá reiteach ar fhadhb an fhreastalaí
Gabhaigí ár leithscéal, agus buíochas as bhur gcuid fhoighne



Comhghairdeas le Buaiteoir Náisiúnta 2011
Gaelphobal an tSrátha Báin
agus leis an buaiteoirí go léir



Beannachtaí na Cásca
dár gcairde
agus dár gcoistí go léir.


Glór na nGael, Ráth Cairn, Áth Buí, Co. na Mí, eolas@glornangael.ie, Faics: 046 9487442, Fón: 046 943 0974. © Glór na nGael 2011